Roinn Talmhaíochta agus Bia Soláthraíonn an tSaotharlann Tréidliachta Réigiúnach fáthmheas aicíde ainmhí, seirbhís faire, agus comhchomhairliúchán do thréidlianna i gcleachtas.
Ar fhreagrachtaí eile atá aici tá díothú aicíde, riarachán íocaíochtaí deontas beostoic, cláir forbartha feirme agus cigireacht feola. | Oifig na bPaitintí Baineann ról Oifig na bPaitintí le cearta a dheonú d'fhonn maoin tionsclaíocha i réimse na paitinte, na dtrádmharcanna agus na ndearaí a chosaint, maille le freagrachtaí áirithe maidir le cóipcheart. Tá an oifig lonnaithe in Oifigí an Rialtais, Bóthar Hebron. |
Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta mar chomhlacht reachtúil faoin Acht Oidhreachta 1995. Tá sé de ról aici polasaithe agus tosaíochtaí a mholadh chun an oidhreacht náisiúnta a aithint, a chosaint a chaomhnú agus a fheabhsú. Tá an Oidhreacht Náisiúnta sainmhínithe sa chaoi is go gcuimsíonn sí séadchomharthaí, earraí seandálaíochta, earraí oidhreachta a leithéid ealaíon agus oibriúcháin thionsclaíocha, doiciméid agus taifid ghinealais, oidhreacht ailtireachta, flóra, fauna, gnáthóga fiadhúlra, tírdhreacha, muirdhreacha, raiceanna, geolaíocht, gairdíní oidhreachta, páirceanna agus uiscebhealaigh intíre. Tá freagracht faoi leith ag an gComhairle chun spéis, oideachas, eolas agus mórtas as an oidhreacht náisiúnta a chur chun cinn | Coimisinéirí Ioncaim - Cigire Cánach Tá a gcuid oifigí i gCill Chainnigh suite i bhFoirgnimh an Rialtais ar an mBóthar Hebron agus tá na Coimisinéirí freagrach as bailiúcháin ioncaim ó cháin sna contaetha Cheatharlach, Chill Chainnigh agus Laoise. |
An tSuirbhéireacht Ordanáis Soláthraíonn an tSuirbhéireacht Ordanáis fótagraiméadracht (Grianghrafadóireacht ón Spéir), seirbhísí mapála agus obair allamuigh | An Roinn Sóisialacha agus Teaghlaigh "Is é an misean atá againn sochaí cásmhar a chur chun cinn trína chinntiú go bhfuil teacht ar thacaíocht ioncaim agus seirbhísí eile, trí rannpháirteachas gníomhach a chumasú, trí chuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn agus trí thacú le teaghlaigh." |
Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) Tá an OOP freagrach as maoine sealbhais a mbaineann ranna rialtais úsáid astu a chur ar fáil agus caoi a choinneáil orthu; tá rannóg cuntas dá cuid lonnaithe i gCill Chainnigh. | |