Is ionad tábhachtach Cill Chainnigh le haghaidh roinnt de na heagraíochtaí leathstáit tráchtála lena n-áirítear Eircom, an Bord Soláthar Leictreachais, Bord Gáis, An Post, Bus Éireann agus Iarnród Éireann.
Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte Ghlac gníomhaireacht nua, Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS) freagracht as an tseirbhís sláinte i bPoblacht na hÉireann an 1 Eanáir, 2005. Mar chuid de Chlár Athchóiriúchán Sheirbhíse Sláinte Rialtas na hÉireann aistríodh feidhmeanna na mBord Sláinte lena n-áirítear Bord Sláinte an Oirdheiscirt go dtí an FSS. Tá Bord Sláinte an Oirdheiscirt mar ab ainm dó roimhe seo anois faoi choimirce Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus tugtar FSS - Limistéar an Oirdheiscirt air. Na Breithiúna | Is i dTeach na Cúirte Chill Chainnigh, Seanchaisleán na nGrásach tráth dá raibh a bhíonn suí na cúirte Cuarda, na cúirte Dúiche agus na hArdchúirte á stiúradh. |
Comhairle Is gníomhaireacht tacaíochta nua í Comhairle a bhfuil sé de fhreagracht uirthi eolas, comhairle agus obair aighneachta maidir le seirbhísí sóisialta a sholáthar do bhaill an phobail. Déanann Comhairle comhcheangal idir gach gné d'obair an Bhoird Náisiúnta Sheirbhíse Shóisialaí (BNSS) agus na feidhmeanna eolais ábhartha den Bhord Náisiúnta Athshlánúcháin (BNA). Mar ghníomhaireacht reachtúil tiocfaidh Comhairle faoi shainchúram na Roinne Sóisialacha agus Teaghlaigh. Tá na hOifigí i gCill Chainnigh lonnaithe ar an bParáid. | An Foras Áiseanna Saothair Tá oifigí Fás i gCill Chainnigh lonnaithe sa mBaile Gaelach. Cabhraíonn an ghníomhaireacht le daoine dífhostaithe trí bhreis oiliúna agus trí shocrúcháin fostaíochta. Ina theannta sin oibríonn siad Scéimeanna Fostaíochta Pobail. |
Seirbhísí Iarnróid Tá Cill Chainnigh lonnaithe ar an bpríomhnasc iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Port Láirge. Bíonn seirbhísí ar fáil ón gcaipiteal ceithre uaire in aghaidh an lae. Tá pleananna á gcur i bhfeidhm chun an líne a uasdátú le go mbeidh seirbhísí comaitéara i gceann na huaire go Baile Átha Cliath. | Met Éireann Tá stáisiún Monatóireachta aimsire áitiúil i gCill Chainnigh. |
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Seiceálann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil cáilíocht timpeallachta na n-aibhneacha agus na mbealaí uisce poiblí thar ceann gníomhaireachtaí áitiúla rialtais. Déanann sí monatóireacht freisin ar an eisilteach a thagann as monarchna le ceadúnais.
| Seirbhís Foraoise Bainistíonn Coillte an foraoiseacht uile laistigh den chontae lena n-áirítear plandáil, cothabháil crann agus fómhar adhmaid. |
Ospidéil Tá trí ospidéal ag cur seirbhís ar fáil i gCill Chainnigh: Is ospidéal ginearálta leighis agus máinliachta Ospidéal Naomh Lúcás. Is ospidéal ortaipéideach Ospidéal Réigiúnach na Coille Críne. Cuireann Ospidéal Síciatreach Naomh Cainneach réimse seirbhísí meabharshláinte ar fáil. | Údarás Forbartha Bia agus Talmhaíochta Cuireann Teagasc seirbhísí oideachas agus comhairle ar fáil don phobal feirmeoireachta agus reachtálann cúrsaí le haghaidh tionscadail fiontar tuaithe. Bunaíodh Coláiste Chill an Dátúnaigh i Lúnasa 1971 mar choláiste talmhaíochta agus gortóireacht. Chuireann Coláiste Chill an Dátúnaigh oiliúint ar fáil sa talmhaíocht, sa ngortóireacht, san innealra agus i gcúrsaí capall. Tá sé lonnaithe sa sráidbhaile ar a dtugtar Baile an Phoill i ndeisceart Chill Chainnigh |