Tá an chathair ainmnithe mar cheann de na ceapa réigiúnacha mar chuid den Phlean Straitéise Náisiúnta Spáis. Beidh Cill Chainnigh ag súil le sochar a bhaint as forbairt tionsclaíoch agus as infheistíocht sa bhonneagar sna blianta amach anseo.

An Teicneolaíocht, an Turasóireacht, Ceardaíocht agus Dearadh, innealtóireacht, próiseáil bia, is iadsan na tionscail atá chun cinn sa cheantar. Sna blianta deireanacha d'éirigh thar chionn le gníomhaireachtaí áitiúla i gcomhar le Fiontraíocht Éireann infheistíocht a mhealladh isteach sa cheantar ón iasacht.
Cuideachtaí ollmhóra próiseála bia atá lonnaithe sa chontae is ea Glanbia cpt (cuideachta phoiblí theoranta) agus Grúdlann Mhainistir Naomh Phroinsias agus is eiseamláirí iad d'fhorbairt tionsclaíoch a thosaigh amach sa chúlchríoch talmhaíochta agus a d'fhás agus tá siad anois ina gceannairí margaidh sna hearnálacha bia.
Thosaigh tionscal na Ceardaíochta nuair a cuireadh ar bun Ceardlanna Dearaidh Chill Chainnigh sna seascaidí tráth a dtáinig ceardaithe, dearthóirí agus ealaíontóirí ón Eoraip agus ó áiteanna nach í go dtí Cill Chainnigh le bheith páirteach sa chomhshaol bríomhar cruthaitheach.
Gineann an turasóireacht ioncam mór ar bhonn leanúnach, a mheastar bheith ar luach €100 milliún in aghaidh na bliana do Chill Chainnigh