Sníonn abhainn na Feoire a bealach tríd an gcáthair, abhainn a chuidigh go mór lena forbairt. Baile intíre atá i gCill Chainnigh, aeráid ilchríochach aici agus an t-ainm uirthi go mbíonn luascadh mór sa teocht inti. Tréith sonrach maidir le Cill Chainnigh is ea an bhunsraith chloch aoil atá faoi agus ba mhór an leas a baineadh aisti agus as clocha eile a cairéileadh sa chathair agus sa limistéar máguaird i dtógáil fhoirgnimh leithleacha na cathrach. Ar na hainmneacha iomadúla atá ag Cill Chainnigh tá "The Marble City" ar bhunús leis an fhéith mhianrach de mharmar dubh atá le fáil inti. |  |