Páirc Chaisleán Chill Chainnigh
Le hais sráideanna gnóthacha Chill Chainnigh is tearmainn páirc chaisleán Chill Chainnigh lena siúlóidí ciúine faoi scáth na gcrann in aice na habhann agus a chluainte fairsinge. Is tearmainn freisin í do na mílte speiceas de fhlóra agus de fhauna. Bíonn lachain, corra glasa agus ealaí le feiceáil ar an abhainn; feictear freisin ó am go chéile an cruidín ildaite
Tá seacht gcinn de sciatháin leathair in Éirinn agus bíonn cúig cinn acu ag fiach ar an bhFeoir istoíche; tá speiceas neamhghnách den diúilicín péarla fionnuisce a mhaireann go 120 bliain d'aois agus arb í Abhainn na Feoire is ionad dúchais dó - lastuas de Dhroichead Bhéal Átha Ragad. Is ann atá an fhuinseog, an fheá, an dair, an fhearnóg, an fheá rua, an bheith gheal, an crann cnó capaill, céadair na Liobáine, an iúr agus go leor eile go fairsing. | Riasc na Páirce Nua Loch a bhí lá den saol san áit a bhfuil an eanach ar a dtugtar Riasc na Páirce Nua anois agus rinne giolcach agus fásra snámhach a leithéid duileasc abhann coilíniúchán ann. Is gnáthóg a bhfuil éagsúlacht ag baint léi le dromchla oscailte uisce, le cíb thortógach agus le saibhreas plandaí fiáine lena n-áirítear lus síoda, biolar gréagáin, feileastram, créachtach, breallán. Tá an t-eanach suite timpeall dhá mhíle thiar ó thuaidh ó Chill Chainnigh ar thaobh bhóthar Chaisleán an Chomair tamall beag ó Óstán na Páirce Nua. Tá sé rangaithe mar eanach gleanna agus ainmnithe mar Limistéar Spéise Eolaíochta agus mar Limistéar Oidhreachta Náisiúnta (LON) molta.
Is cuid den chóras bogaigh atá sa choillearnach in aice Choláiste Chill Chainnigh atá ag síneadh leis an eanaigh agus tá sí cuimsithe sa LON. |