Aeráid Chill Chainnigh

Aeráid Chill Chainnigh

Suite ag croílár an limistéir ar a dtugtar 'Sunny South East', tá clú ag Cill Chainnigh go náisiúnta mar gheall ar a luascaí is a bhíonn an teocht inti. Is í is cúis leis sin an aeráid ilchríochach atá aici agus í bheith ar an limistéar den tír is lú a théann an fharraige i gcion air.
Thosaigh an teocht á thaifeadadh ag am bunaithe an Stáisiún Met i gCill Chainnigh i 1957. Ba í an teocht ab airde dar taifeadadh riamh in Éirinn áfach an 33.3C. a taifeadadh i gCaisleán Chill Chainnigh siar chomh fada le 26 Meitheamh 1887.
Ag an dtaobh eile den scála áfach bíonn Cill Chainnigh faoi shneachta 4 lá sa bhliain ar an meán, bíonn clocha sneachta ann 9 lá sa bhliain agus bíonn sí buailte le stoirmeacha thoirní 5 lá sa bhliain.
Aeraid Chill Chainnigh