Teach Rothe

Teach Rothe

Exterior of Rothe HouseI 1594 nuair a bhí an Renaissance Iodálach i mbarr a réime thóg ceannaí saibhir darb ainm John Rothe an teach oirirc Tudor seo. Tógadh tithe den dara agus den tríú glún mórthimpeall an chlóis duirleoige agus an tobair a bhfuil dáta sa bhliain 1604 luaite leis. Tá siopaí ann sa taobh a thugann aghaidh ar an tsráid; i gceann díobh sin bhí ollmhargadh John Rothe féin. Troscán compórdach a bhí sa teach de réir chaighdeán na linne.
Teach Rothe.
Le linn chomhdháil Chill Chainnigh chuir John Rothe agus a cholcheathar Easpag Osraí siamsaíocht ar fáil ann do go leor daoine mór le rá. Rinneadh athchóiriú ar fheabhas ar an bhfoirgneamh agus anois tá Cumann Seandálaíochta Chill Chainnigh ag obair as agus is ceanncheathrú na Comhairle Oidhreachta é freisin.

Taobh istigh de Theach RotheTaobh istigh de Theach Rothe.
Tá taispeántais éagsúla sa teach faoi chultúr na ndaoine, faoin chaoi a raibh siad gléasta agus faoina gcomhghabhálais.
Oscailte Eanáir-Meitheamh Meán Fómhair-Nollaig 10.30-17.00, Iúil-Lúnasa 9.30-18.00