Teach Déirce Shee

Teach Déirce Shee

Exterior of Shee Alms HouseTeaghlach saibhir ceannaithí i gCill Chainnigh a bhí sna Sheeanna sa séú aos déag mórán cosúil leis na Rotheanna a thóg teach Rothe. Bhunaigh Sir Richard Shee an teach déirce i 1852 'to accommodate twelve poor persons'.
Bhailigh Sir Richard chuige féin i gcaitheamh a shaol méid mór de mhaoin an eaglais chun cosc a chur leis na leasaitheoirí greim a fháil uirthi, is dóigh. Bhí an cháil air mar fhear an-chráifeach. Má ligtear an teach as seilbh an teaghlaigh, a dúirt sé ina uacht, beidh an té a lig uaidh é mallaithe; mhíneodh an mhallacht sin go leor de na hiarrachtaí damanta a rinneadh síos trí na blianta chun an teach a choinneáil sa teaghlach.

B'as Co. Chiarraí teaghlach Shee ó thús agus dlíodóir ardmheabhrach a bhí i Sir Richard Shee chomh maith le bheith ina bhall de cheann de na teaghlaigh ba chumasaí agus ba mhó tionchar i gCill Chainnigh sa séú haois déag.
Bhí cúram oifige Leaschisteoir na hÉireann ar Richard Shee agus ghlac sé le ridireacht i 1582. Bhásaigh sé i 1608. I 1752 dhíol Edmond Shee an teach déirce.

Baineadh a mhaoin de na Sheeanna le linn ré Cromail.

Interior Shee Alms HouseFuair teaghlach Shee seilbh ar an teach in athuair i 1756. Is ón mbliain 1830 na taifid deireanach a tháinig anuas chugainn faoi chónaitheoirí an tí. Ghlac Bardas Chill Chainnigh seilbh ar an teach déirce i 1978 agus rinneadh athchóiriú air go raibh sé ina staid bunaidh.

Osclaíodh i 1981 é in athuair mar oifig turasóireachta na cathrach. I 1986 osclaíodh an tionscadal City Scope, múnla i bhformáid laghdaithe agus scálaithe de Chill Chainnigh sa séú haois déag ar an dara urlár den fhoirgneamh. Tá sé ar an mbeagán tithe déirce Tudor atá fós in Éirinn.

Faoi láthair tá Oifig Turasóireachta Chill Chainnigh ag feidhmiú sa bhfoirgneamh.