Sráidainmneacha Chill Chainnigh
Sráid Phádraig -

Téann Sráid Phádraig ó acomhal na Paráide go dtí bóthar Phort Láirge trí Gheata Naomh Pádraig mar a ghlaoítí air roimhe seo. Taobh amuigh den gheata a bhí séipéal Naomh Pádraig suite ar dtús agus is dócha gurb as sin ainm na sráide.
Sráid Rose Inn -
sráid na dteach ósta a bhí anseo go traidisiúnta lena n-áirítear an Rose, an Garter, an Wheatsheaf agus an Bush. Rozyn an t-ainm a bhí ar an tsráid i seandoiciméid; mar sin is dóigh go bhfuil an t-ainm níos sine ná aimsir na dteach ósta.
Caolbhealach Horseleap -
ceann de na caolbhealaigh is mó cáil i gCill Chainnigh - is dóigh gur de bharr na dtréidlianna a raibh a gcleachtas ann agus na gcapall a chleachtaigh ann a tugadh an t-ainm dó.
Sráid na Mainistreach -
Sráid an-sean ar a tugadh Sráid Walkin go dtí le gairid. Ní fios cárbh as a tháinig an t-ainm. B'fhéidir gurb é an Walking Street a chuaigh chomh fada le Faiche Greene a bhí ann nó b'fhéidir gurb ainm an úinéara in am fadó é an Walkin.
Lána Pennefeather -
John Pennefeather a bhí ina úinéir talún áitiúil a thóg an lána seo timpeall 1700.
Lána an tSéipéil -
uair amháin bhí seanséipéal Sráid Séamais (tógtha idir 1772 agus 1774) ina sheasamh in aice leis. Sconsa Séamais - is éard a bhí sna "Sconsaí" i dtús aimsire pasáistí cúnga laistigh de bhallaí na cathrach ar bhain cosantóirí na cathrach úsáid astu.
Sráid Chiaráin -
tobar Naomh Ciaráin a thug a hainm di agus is ann a bhí séipéal ársa ag an gceann ó thuaidh di. Tugadh na hainmneacha Lána Low, Lána Back, Lána King agus Lána Ciaráin di ceann i ndiaidh a chéile.
Sráid Pharlaiminte -
Ba ó Pharlaimint Chomhdhála na bliana 1641 a fuair sí an t-ainm; níos luaithe ná sin tugadh an Margadh Guail uirthi.
Sráid Déin -
bhí teacht ar theach cónaithe an Déin ag an tsráid seo sular tógadh Bóthar an Chóiste. Is dóigh go raibh geata an Déin isteach go dtí purláin na hArdeaglaise suite sa chuid ba chúinge de.
Faiche Butts -
is cosúil gurb é an chuid is sine de Chill Chainnigh. Faigheann sé an t-ainm ó na "Butts" ar an bhfaiche, áit a mbíodh saoránaigh na cathrach ag chleachtadh boghdóireachta.
Bóthar an Chóiste -
Tugann iontráil sa Leabhar Caibidle in Ardeaglas Naomh Cainneach ó Mheán Fómhair 20 1689 dár n-aire:
"Ordered that a convenient coachway be made forthwith from Dean Street in Irishtown to the south door to said Cathedral for the convenience of the Duke of Ormonde's family and other persons of quality resorting to the said Church"
Faiche Sheáin -
bhí sé ina thearmann do lucht feirmeoireachta díshealbhaithe agus do lucht siúil eile i gcaitheamh an ochtú haois déag. Bhí croch le haghaidh bithiúnach ag feidhmiú i bhFaiche Sheáin nó Faiche na Croiche mar b'aithne di ní ba thúisce.
An Butterslip
is ann a díoladh im ar feadh na cianta ar laethanta an mhargaidh.
Katherine M Lanigan, Gerald Tyler (Eag.), 'Kilkenny, Its Architecture & History', Appletree Press 1977.