An Suíomh
Luadh súiomh na Maltings don chéad uair nuair a cheannaigh William Sullivan agus an tUasal McLoughlan ón teaghlach Archdekin é i 1810. Is dócha gurb shin dáta tógála an fhoirgnimh atá ann anois ar tógadh mar shíneadh le Grúdlann Sullivan i Sráid Shéamais agus sa tSráid Ard é (Lanigan and Tyler 1977, 73). Bunaíodh Grúdlann Sullivan i 1702 agus dá bhrí sin is í an ghrúdlann is ársa in Éirinn cé go bhfuil sé taifeadta i Suirbhé Sibhialta 1656 go raibh "A Malt House on the west side of High Street, standing backward in James's street," agus gurbh é James Bryan an úinéir. (Simington 1931-34). Leagadh le deireanas foirgneamh grúdlainne Ghrúdlann Shráid Naomh Séamais i Sráid Shéamais chun slí a dhéanamh d'ionad Siopadóireachta Chrosaire an Mhargaidh agus do charrchlós ilstórtha. Bhí na Maltings mar chuid de choimpléasc Ghrúdlainne Shúileabháin faoi úinéireacht theaghlach Uí Shúileabháin go dtí 1917 nuair a cheannaigh Cuideachta Ghrudlainne E. Smithwicks an ghrúdlann; bhí an mhaoin i seilbh E. Smithwicks go dtí gur díoladh le Bardas Chill Chainnigh í le linn athfhorbartha an limistéir le gairid. Liostáladh na foirgnimh ar an suíomh i Suirbhé Seandálaíochta Tionsclaíche mar fhoirgneamh liostáilte grád 4 "largely intact along with it's massive kiln. Part of it's former waterwheel still survive at the James Street premises....formerly operated by the Sullivans latterly by Smithwicks" (Tagairt Mhapa. 091; Uimhir Shuímh 103) (Hammond 1990, 42) Plás TilburyTá Plás Tilbury (Lána Evan níos luaithe) suite díreach siar ón suíomh agus déanann sé nasc le Lána Evan (Lána Evan Uachtar níos luaithe) sa taobh ó thuaidh agus le Sráid Shéamais sa taobh ó dheas. Bhí aithne ar an lána mar Sconsa Naomh Séamas freisin agus mar Sconsa Sráid Séamais i 1841 agus bhíodh sé ag feidhmiú mar lána díreach taobh istigh de bhallaí na cathrach chun teacht siar is aniar a éascú do chosantóirí na cathrach (Lanigan and Tyler 1977,73). Tá Plás Tilbury (marcáilte mar Lána Evan), Sráid Shéamais agus Lána Evan (marcáilte mar Lána Evan Íochtar) go léir marcáilte ar mhapa Roque ó 1758 | Cúlra SeandálaíochtaBhí Sráid Shéamais marcáilte ar an gcuid ab fhaide ó thuaidh den bhaile Aird nó den Bhaile Sasanach sa chéad chéim den lonnaíocht Angla-Normannach. Circa 1176-1206 bhí balla na cathrach lonnaithe ar feadh líne na sráide sular leathnaíodh an chathair ó thuaidh sa tríú haois déag (Bradley 1995). Tá cuid mhór de bhalla meánaoise na cathrach agus í caomhnaithe go maith fós ina seasamh ar an taobh ó dheas den tsráid sa treo thuaidh theas. 
Nochtadh gnéithe meánaoise i tochailtí seandálaíochta gar don suíomh ar doimhneacht de 0.2 m. faoi leibhéál urlár na talún. Nochtaigh tochailt a rinneadh ar mhaoin sealbhais in aice láimhe ag 23 Sráid Shéamais go leor gnéithe meánaoise agus iar-mheánaoise lena n-áirítear tobar, bonnraí balla cloiche agus claiseanna bruscair atá dátaithe don tríú haois déag maille le huaigh pháiste iar-mheánaoise (Stevens 2000). Nochtaigh tochailt a rinneadh ar shuíomh ag 5-7 Sráid Shéamais poill chuaille agus ballaí cloiche tirime ón tríú haois déag ar chomhartha iad ar thithe luatha ar feadh na sráide i ndiaidh leathnú an bhaile mheánaoise, iad séaláilte ag sraitheanna d'ithir gairdíne meanaoise, feidín iar-mheánaoise agus luath-nua-aimseartha. (Stevens 1998; Read 1999). I dtástálacha seandálaíocht a rinneadh i 1989 roimh dul i mbun tógála ar Ionad Siopadóireacht Chrosaire an Mhargaidh nochtadh balla na cathrach meánaoise agus í ina shuí ar fhosú athleagtha de chré bholláin suas le .045 m. ar tiús os cionn gairbhéal nádúrtha (Cotter 1990, 34)Tá an fhorbairt leathan seo suite san áit a bhfuil sráid Shéamais; tá sé buailte suas le foirgneamh "The Maltings" i bPlás Tilbury agus tá teacht air ó Shráid Pharlaimint, ó Shráid Ard agus ó Shráid Shéamais. Nochtadh freisin tar éis breis tástálacha agus monatóireacht seandálaíochta a rinneadh ina dhiaidh sin ithreacha gairdíní meánaoise agus gnéithe meánaoise eile (Channing 1992, 28-9; 1993, 39). (Curtha i gcló le cead chaoithiúil ó Margaret Gowen) |