Mainistir Naomh Proinsias

Luathstair na Mainistreach

Tá Mainistir Naomh Proinsias lonnaithe ag an gceann thoir thuaidh d'Ardchathair mheánaoise Chill Chainnigh. Tháinig na Proinsiasaigh go dtí Éire timpeall 1226 agus bunaíodh Mainistir Naomh Proinsias uair éigin idir 1231, nuair a tháinig a soghníomhach Risteárd Marshall i gcomharbacht ar a dheartháir Liam mar iarla Pembroke agus mar thiarna Laighean, agus Aibreán 1234 nuair a bhásaigh sé de bharr gortuithe a d'fhulaing sé i gcath Churragh Chill Dara. Deireadh Fómhair 15, 1245 nuair a fuair sí deontas ón Rí le haghaidh éadaigh an chéad dáta is féidir bheith cinnte de atá luaite leis an mainistir.
Thosaigh an Mhainistir mar shéipéal beag dronuilleogach agus leathnaigh amach de réir a hacmhainn ó bhallaí na cathrach go dtí abhainn na Feoire agus i 1267 agus 1308 bhí sí sách tábhachtach chun caibidil cúige na mbráithreacha a choinneáil. Lean an fhorbairt ar aghaidh tríd an gceathrú, an cúigiú agus an séú haois déag. Cuireadh deireadh leis an leathnú sin áfach nuair a díscaoileadh na mainistreacha sa séú haois déag.
An 25 Lúnasa 1543 trí bliana tar éis a díscaoilte tugadh an mhainistir de réir dheontas an Rí do Walter Archer, ceannasach na cathrach agus do Bhardas Chill Chainnigh. Dhíbir John Bale, 'bishop' Osraí na bráithreacha i 1550. D'fhill siad i 1553 le linn réimeas na Banríona Máire ach díbríodh in athuair iad i 1559 nuair a tháinig Éilís I i gcomharbacht ar a deirfiúr.

An teacht aniar i ndiaidh an díscaoilte

Le linn réimeas Éilís I ba úsáid tuata a baineadh as an mhainistir. Chuir pobal Chill Chainnigh achomharc chuig Walter Archer le go gcuirfí an séipéal chun fónaimh chun críche adhartha agus i 1603 chuir údaráis na cathrach an t-iarratas i bhfocail chuig Lord Mountjoy an t-ionadaí tiarna ach dhiúltaigh sé dóibh. Bhí an tAifreann á cheiliúradh ann áfach i 1606 nuair a bhronn teaghlach Archer cailís bhreá ar an mainistir. Ar teacht i gcumhacht do Shéamas I tíolacadh an mhainistir in athuair, ach bhí sí tite chomh mór sin i léig nárbh fhéidir úsáid a bhaint aisti i 1612. In ainneoin sin nuair a d'fhill na Proinsiasaigh ar an seanmhainistir, bhí an ard-altóir a bhí ann ó thús fós ina seasamh agus d'fheabhsaigh na bráithreacha an mhainistir ar bhonn leanúnach síos tríd an seachtú haois déag. Tá comharbas na gcaomhnóirí ar taifead ó aimsir díscaoilte na mainistreacha go dtí tréimhse Chomhdhála Chill Chainnigh sna daichidí den seachtú haois déag.

Laethanta deiridh na mainistreach

Le linn an ochtú haois déag bhí na bráithreacha gafa le hobair paróiste agus bhí titim leanúnach ar a líon. I 1766 ní raibh fágtha sa mhuintir i gCill Chainnigh ach dhá bhráthair; bhí cúpla cinn eile ag obair mar chléirigh pharóiste sa deoise. Ba é an tAthair Philip Forristal an bráthair deireanach; bhí sé ag obair mar shéiplíneach sa deoise seachas bheith ina chónaí i muintir Phroinsiaseach. Briseadh slabhra comharbais na bProinsiasach nuair a fuair sí bás i 1829.

Páirc na mainistreach mar bheairic

De réir mar dhruid an bás ar mhuintir reiligiúnach Mhainistir Naomh Proinsias tháinig fás ar shainleasanna tuata na mainistreach in imeacht an seachtú haois déag. De réir an 'Clasped Book' de chuid Bhárdas Chill Chainnigh bhí an Mhainistir Phroinsiasach sannta le haghaidh tógáil Bheairic Mhileata an 19 Meán Fómhair 1698. An 5 Aibreán 1700 cuireadh 'the waste of Francis's Abbey' leis an deontas a bhí tugtha cheana chun beairic a thógáil. Bhí an bheairic mharcshlua ar an gcéad cheann de thrí bheairic mhíleata a tógadh i gCill Chainnigh. Níor tógadh an bheairic choisithe ar shuíomh phrióireachta Naomh Seán go dtí 1780 agus níor cuireadh tús le hobair ag Sráid Ballybough go dtí 1800.

Forbairtí an naoú haois déag

Ag scríobh dó i 1849 déanann an tUrramach James Graves cur síos ar fhothracha Mhainistir Naomh Proinsias mar 'the chancel and belfry tower, with a small fragment of the conventual buildings adjoining the south side of the latter.' Ag an am sin baineadh úsáid as a raibh fágtha den séipéal mar chúirt leadóige. I gcaitheamh na n-ochtóidí den naoú haois déag díoladh an mhainistir do Liam Ó Muirgheasa, ceannaí earraí crua agus i 1884 bhí sí i seilbh Bhean Uí Muirgheasa. Mar úinéir na Mainistreach ghlac Bean Uí Muirgheasa go dúthrachtach le cúram a fhearainn agus chlúdaigh urlár an saingeal le cairpéad glas. Faoi cheann 1889 ní raibh an mhainistir i seilbh phríobháideach níos mó; ba séadchomhartha náisiúnta í agus ba ag an am sin a thug Bord na nOibreacha faoi obair athnuachana.

Gníomhaíocht luath grúdaithe

I dtús bhí dhá ghrúdlann ag obair i bpáirc mhainistir Naomh Proinsias. I 1706 thug an diúc d'Ormonde deontas fee-farm (firma burgi) de chuid dá raibh fágtha den mbainistir do Risteárd Cole. Chuaigh Cole i mbun páirtíochta le John Smithwick a tháinig go dtí Cill Chainnigh i 1710. D'oibrigh siad grúdlann mhiondíol bheag ach níl aon trácht orthu in eolairí na linne cé go liostálann eolaire Pigot don bhliain 1824 Pádraig Ó Braonáin mar stiléir ar shuíomh na mainistreach. Leathnaigh Grúdlann Smithwicks amach i saol-ré mhac Sheáin, Edmund (1800-76), agus eisean ab ea a cheannaigh giota maoin ruílse tríd an gcúirt seansaireachta ón eastáit Ormonde. Rinneadh tagairt don sealúchas sin mar theach stiléireacht agus mar ghrúdlann, rud a thugann le tuiscint go raibh drioglann Uí Bhraonáin ceannaithe ag Smithwicks ag an am seo. Tógadh grúdlann mhór sa naoú haois déag ar an suíomh a cheannaigh Edmund Smithwick. In eolaire Slater ón mbliain 1856 níl ach dhá ghrúdaire liostáilte i gCill Chainnigh. Edmund Smithwick ag Grúdlann Mainistir Naomh Proinsias agus Risteárd Ó Súilleabháin i Sráid Seamais. Bunaíodh E. Smithwick and Sons mar chuideachta Phríobháideach i 1898 agus lean ag fás tríd an bhfichiú haois. Dúnadh grúdlann Uí Shúilleabháin i Sráid Seamais timpeall 1914 agus roinnt blianta ina dhiaidh sin cheannaigh Grúdlann Smithwicks í.
Planda traidisiúnta ón naoú haois a bhí in úsáid go seasta sa ghrúdlann le linn na gcaogaidí den fhichiú haois. Rinneadh cuideachta phoiblí de Smithwicks i 1965 nuair a tugadh isteach in Irish Ale Breweries í mar shainchuid den chuideachta sin. Sa bhliain chéanna fuair Arthur Guinness, Son and Company (Dublin) Ltd. urlámhas airgeadais iomlán ar an oibriúchán. Lainseáladh plean nuachóirithe i 1964 nuair a tógadh teach grúdaithe nua. Suiteáladh bloc mór coipthe, bloc le soithí stórála agus planda pacála freisin. Rinneadh uasdátú ina dhiaidh sin ar struchtúr seo an fichiú haois agus cuireadh ina háit grúdlann den aonú haois fhichead oibrithe le ríomhairí.

Suíomh na mainistreach sa lá atá inniu ann

De réir Bassett 1884 ina chuntas faoina raibh fágtha den mhainistir tá cur síos ar an bhfuinneog thoir ar údar iontais é a líon gar d'iomlán na binne; ba é a bhí ann seacht gcinn d'fhuinneoga cúnga áirse scartha óna chéile le muillin. Bhí radharc ón bhfuinneog ar chlós Messers E. Smithwick and Sons, Grúdlann Mhainistir Naomh Proinsias. De bharr leathnú Grúdlainne Smithwicks ó 1854 i leith tá corp agus saingeal na mainistreach le feiceáil inniu laistigh de pháirc na grúdlainne. Tá an sacraistí athchóirithe agus tá sé anois ina aireagal sa ngrúdlann. Tá an tobar atá tiomnaithe do Naomh Proinsias agus ar údar urraime é leis na cianta lonnaithe timpeall 45 méadar ar an taobh ó thuaidh den mhainistir agus faoi bhun ceann d'fhoirgnimh na grúdlainne. Rinneadh tochailt i 1969 agus thángthas ar chroslann mhór agus ar phasáiste i gcorp an taoibh thuaidh den séipéal, áit a raibh roinnt uaimheanna. Bhí an clabhstra ar an taobh ó dheas agus anois tá foirgnimh tógtha air. Tá taifid go leor faoi dhaoine ar adhlacadh iad i reilig na mainistreach; is dóigh go bhfuil an reilig faoi bhun talaimh faoin am seo. D'fhéadfadh sé go dtiocfadh siad chun solais áfach dá ndéanfaí tuilleadh leathnaithe ar shuíomh Mhainistir Naomh Proinsias.
(Curtha i gcló le cead chaoithiúil ó Margaret Gowen)