Ceithre Pharóiste na Cathrach

Ceithre Pharóiste na Cathrach

Painting of ST. Mary's CathedralAg am ionradh na n-Angla-Normannach bhí ceithre shéipéal pharóiste i gCill Chainnigh - Naomh Cainneach, Naomh Padraig, Naomh Mel agus Naomh Rioch. Ardeaglas Osraí a bhí in eaglas Naomh Cainneach .i. Ardeaglas Naomh Cainneach sa lá atá inniu ann.
Bhí séipéal Naomh Pádraig sa tseanreilig ag barr sráid Phádraig. Bhí séipéal Naomh Mel ina sheasamh san áit a bhfuil an tseanreilig ara dtugtar Tempul-Na-Maul inniu in aice Greensbridge. Bhí séipéal Naomh Rioch sa tseanreilig taobh le Sráid Walkin.