An Tholsel - Halla na Cathrach
Is íomhá suntasach den chathair an Tholsel lena thúr clog laindéir agus a thuin ar nós 'Big Ben'. Tógadh i 1761 é agus bhí an stuara lena chúig áirse dhúbailte ina ionad margaidh faoi dhíon.
Baintear úsáid as anois le haghaidh taispeántais ealaíne agus bíonn compántais aisteoirí sráide ag taibhiú ansin go tráthrialta.Tá oifigí Sheomra Bhardas Chill Chainnigh lonnaithe sa bhfoirgneamh.
Tagann an t-ainm ó dhá sheanfhocal Béarla: "toll" a chiallaíonn cáin; agus "sael" nó halla .i. an áit ina n-íoctar cáin. Sna meánaoiseanna bhí sé in úsáid mar theach cúirte, mar theach custaim, mar halla cathrach agus mar ionad cruinnithe do ceannaithe.