David Rothe, Easpag Osraí (1618-1650) Bhí mise ar cheann de sna príomhphearsana ag an 'Confederation of Kilkenny' sa tréimhse neamhghnách sin idir 1642 agus 1648 nuair a bhí an pharlaimint náisiúnta ina suí i gcathair Chill Chainnigh. Ag an am úd, tráth a raibh clampar sóisialta, réigiúnach agus polaitiúil bhí garastúin de shaighdiúirí ón iasacht, taidhleoirí, Nuinteas an Phápa: Rinnucine, margaithe, cúirteoirí agus fuirseoirí ina gcónaí sa chathair - ba í caipiteal féile na hÉireann í fiú ag an am sin. |  |