An Diúc d'Ormonde (1640-1710) Tar éis aisghairme an Rí Séarlas i 1660 bhí mé in ann roinnt mhaith den mhaoin a ghabh Cromail seilbh uirthi a fháil ar ais. Thóg mé an Caisleán in athuair agus bhunaigh scoil ar thug an Rí Séamas II, sa tréimhse ghearr i réimeas dó, ardú céime di go ndearna Ollscaoil Naomh Cainneach di i gColáiste Chill Chainnigh. Ar an drochuair níor mhair an réimeas ach ar feadh sé mhí toisc gur chloí Liam Oráiste an Rí Séamas II ag Cath na Bóinne i 1690 agus thosaigh seilbh á gabháil ar mhaoin sealbhais in athuair. |