Bunaíodh an chéad ollscoil do pháistí i mBirmingham agus tugadh an tionscadal go dtí Cill Chainnigh i mí na Nollag 1996 Tá ollscoil na bPáistí ag freastal anois ar pháistí ó 7 go 12 bhliain d'aois agus tá sé d'aidhm aici eachtraí suimiúla neamhghnácha agus spreagúla foghlama a chur ar fáil do pháistí i ngach aois agus dúshlán na bpáistí a thabhairt sa chaoi is go dtaiscéalfaidh siad an fabhraíocht atá iontu agus na rudaí is suim dóibh.Tá seomra ríomhaire lántiomnaithe ag an ionad le deich ríomhaire agus le ceangal ISDN. Chuidigh Eolas Chill Chainnigh leis an ionad seo trí líne ISDN, bosca agus freastalaí idirlín foirne a shuiteáil le go gcuirfeadh sé síneadh leis na háiseanna TFC Eagraíonn an t-ionad réimse leathan clár do pháistí agus tá sé nasctha le hOllscoil na bPáistí i mBirmingham. Bíonn an tIonad Oiliúna in úsáid 6 lá in aghaidh na seachtaine ag seachadadh réimse leathan cúrsaí lena n-áirítear oiliúint Idirlín agus ríomhphoist, ECDL agus Dioplóma JEB. Tá an tIonad creidiúnaithe mar ionad oiliúna ECDL agus JEB. Baineann eagraíochtaí eile a leithéid Club na jabanna agus Tíosaigh Chill Chainnigh úsáid as na háiseanna TE.