Ionad Eolais Óige Osraí
Cuireann an t-ionad tacaíochtaí oideachais neamhfhoirmeálta ar fáil do óige na paróiste. Tá an t-ionad feistithe le hIonad Ilmheán "Cyber Youth" a bhfuil sé d'aidhm aige lear mór d'áiseanna oiliúna TE agus de bhogearraí oideachais a chur ar fáil do dhaoine óga Chill Chainnigh
Tairgeann an t-ionad seirbhís shaor in aisce agus faoi rún do dhaoine óga agus do dhaoine a bhíonn ag obair le daoine óga. Tá tú in ann bualadh isteach orainn ag Halla Desart nó tig leat ceisteanna a chur chugainn leis an teileafón nó le facs.
Cuirimid eolas ar fáil ar réimse topaicí: Cóiríocht, Slí Bheatha, Oideachas, Timpeallacht, Fostaíocht agus Oiliúint, Eoraip, Cearta, Airgeadas, Fóillíocht, Leas Sóisialta, Spórt, Taisteal agus Turasóireacht.

Déanaimid ár ndícheall chun cabhrú le gach duine chomh maith agus is féidir cibé cé hiad féin agus cibé cén cheist atá acu.
Seirbhísí Eile
Tá teacht ag an ionad ar Ríomhairí agus ar an Idirlín; cuirtear Seirbhís Rúnaí, Cartaí Mac Léinn agus Taistil, Treoir Ghairm Bheatha agus Seirbhísí Comhairliúcháin ar fáil.
Tionscadail:
Scéim Fiontraí Óig
Grúpa Óige Comhtháite
Seimineáir:
Altranas mar Shlí Bheatha
Deiseanna Idirnáisiúnta d'Oibrithe Deonacha
Próiseas CAO
Uaireanta Oscailte: Halla Desart:
Luan go hAoine - 9.30 r.n. go 7 i.n.
Dé Sathairn - 10.00 r.n. go 1 i.n.
Béal Átha Ragad
(Halla CYMS): Dé Sathairn 11 r.n. go 1 i.n.
Tionscnamh Reatha
SEIMINEÁR DEISEANNA IDIRNÁISIÚNTA d'Oibrithe Deonacha Dé hAoine Aibreán 19 2002 7 go 9 i.n.
Beidh seimineár ar siúl i Halla Desart ag an am sin chun eolas a sholáthar do dhaoine óga ar réimse deiseanna i leith obair dheonach idirnáisiúnta. Má tá fonn ort obair thar lear ar feadh an tsamhraidh nó ar feadh tréimhse níos faide, teanga nua a fhoghlaim, taithí oibre a fháil, taithí a fháil ar chultúr difriúil - seo é an seimineár duitse.
Beidh an dá eagraíocht atá léirithe thíos i láthair agus beidh deis agat caint leo go díreach.
Seirbhís Dheonach Idirnáisiúnta
Tionscadail Ghearrthéarmacha (2 go 3 seachtaine) Idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair
I níos mó ná 35 thír san Eoraip, san Afraic, sa tSeapáin, san Astráil agus i Meiriceá
Do dhaoine idir 18 agus 25 bliana d'aois
Seirbhís Dheonach Eorpach
tionscadail 6 go 12 mhí san Eoraip, i Meiriceá Laidin agus san Afraic
Níl aon cháilíochtaí ag teastáil
Faigh taithí oibre
Foghlaim teanga
daoine idir 18 agus 25 bliana d'aois
Ionad Eolais Óige Osraí
Halla Desart, Sráid Nua, Cill Chainnigh
Déan teagmháil linn - Teil.:056-7761200; Facs: 056-7752385; Ríomhphost: info@ossoryyouth.com