Tá brainse Chill Chainnigh de Chomhairle Airgid agus Seirbhís Bhuiséadach (MABS) ar na hoifigí is gnóthaí den líonra de 52 oifig ar fud na tíre atá aici. Is tríd an RGST atá an tseirbhís maoinithe agus tá sí saor in aisce, faoi rún agus neamhspleách. Cuireann sí eolas ar fáil ar gach gné de bhuiséadú agus déanann iarracht aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna fiachais iomarcaigh trí chomhairle. Tá an Oifig i gCill Chainnigh lonnaithe i 8 Sráid Liam agus tá sí ag feidhmiú ó 1994 i leith. Is iad Michael Saunders (Comhordaitheoir), Tom Keating (Comhairleoir Airgeadais) agus Margaret Neill (Riarthóir) na baill foirne