Ionad Ilmheán Chill Chainnigh
Tá Ionad Ilmheán Chill Chainnigh in Ionad Acmhainne Teaghlaigh an Athar Mhic Chraith atá lonnaithe san eastát is sine atá ag Bhardas Chill Chainnigh .i. "The Butts" mar is fearr aithne air go háitiúil. I 1993 ghlac tuismitheoirí agus oibrithe deonacha halla mór ar chíos tamall amach ón eastáit chun soláthar do ghníomhaíochtaí do pháistí agus d'ógánaigh áitiúla.
I 1994 le cúnamh ón RGST (Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh) bhunaigh an pobal den chéad uair an Grúpa Mná Butts mar sheirbhís tacaíochta do mháithreacha óga áitiúla. Bhí ról gníomhach ag an ngrúpa seo i gcur chun cinn breise seirbhísí páiste agus teaghlaigh. I 1994/95 fuair an pobal tacaíocht ó FÁS tríd an Scéim CE áitiúil. Bhí oibrithe deonacha ag strácáil leo ag iarraidh airgead a bhailiú chun billí cíosa agus fóntais a íoc. I 1995 le tacaíocht agus le spreagadh ó oifigigh den RGST áitiúil chuaigh an grúpa sa tóir ar thaca chun foirgneamh scoile tréigthe a cheannach ar £10,000.
Thug an RGST £8,000 don ghrúpa mar chuid den chostas agus fuair siad an chuid eile ar iasacht ó Chomhar Creidmheasa Naomh Cainneach. Fuair siad an foirgneamh leis sin. Cuireadh an foirgneamh ar iontaobhas ar son theaghlaigh na paróiste i mí Iúil 1996. Tá 239 dteach san eastát seo agus tá sé ainmnithe mar cheantar faoi míbhuntáiste. Aontaíodh ar airgeadú de £40,000 in aghaidh na bliana do na blianta 1998 go 2000. Táimid aontaithe faoi airgeadú de £50,000 in aghaidh na bliana don chéad trí bliana eile. Chuir an RGST caipiteal de £30,000 ar fáil chun an foirgneamh a athchóiriú agus chun síneadh a thógáil, obair atá gar do bheith críochnaithe.
Spreag an infheistiú a rinne RGST san ionad seo páirtithe Rialtais, Pobail agus Carthanais eile chun réimse tionscnamh atá curtha chun cinn le haghaidh páistí agus teaghlach áitiúla a airgeadú.Briseadh síos ar na daoine a bhfuil baint acu leis an ionad
Bord Bainistíochta 12
CE FÁS Oibrithe/foireann/oiliúint óige 32
Oibrithe Deonacha Club Obair Bhaile 54
Spraoi agus Cúram Iarscoile 12.
Bíonn an t-ionad thar bheith gníomhach ag soláthar gníomhaíochtaí don phobal agus ag cuidiú leis an bpobal teacht ar sheirbhísí agus tá clár nuálach tacaíochta oideachais forbartha aige le haghaidh páistí i ngach aois.
1. Tá dhá scoil spraoi phobail ag oibriú cúig mhaidin sa tseachtain faoi láthair ag freastal ar 36 pháiste in aghaidh an lae. Beidh an tseirbhís chúram páiste sin ar chostas íseal ag leathnú go dtí seirbhís chúraim um thráthnóna i mí Mheán Fómhair.
2. Ocht gclár gníomhaíochtaí agus óige iarscoile seachtainiúla do pháistí ó 6 go 17 mbliana d'aois. Bíonn na cláir sheachtainiúil spóirt, ealaíne, dráma, ríomhaire nó féinfhorbartha sin ag babhtáil lena chéile gach sé go 8 seachtaine lena chinntiú go mbíonn teacht ag na páistí ar éagsúlacht ghníomhaíochtaí sheachtainiúla chlub. Tá siad ag pleanáil síneadh a chur leis na seirbhísí óige buail-isteach le haghaidh déagóirí áitiúla an bhliain seo.
3. Chuir múinteoirí, oibrithe deonacha, teagascóirí agus tuismitheoirí Club Tacaíochta Obair Bhaile chun cinn .i. clár tacaíochta duine ar dhuine le haghaidh páistí feabhais ó 5 go 11 bliana d'aois ag obair de réir clár breith-suas atá forbartha go speisialta. Is iad na tuismitheoirí a chur an tionscnamh seo chun cinn a bhfuil tionchar drámatúil aige ar pháistí ar leibhéal feabhais san eastát. Tá 34 theagascóir anois ag an gclár píolótach seo ag obair le 36 pháiste ó seacht gcinn de bhunscoileanna na Cathrach.
4. Is éard atá sa Tionscadal Tacaíochta Staidéir agus Forbairt Ógánaigh clár féinfhorbartha agus staidéir do dhéagóirí a bhfuil sé tugtha chun aitheantais gur mór an baol go bhfágfaidh siad an scoil go luath nó gurb é atá i ndán dóibh bheith ina dtuismitheoirí sna déaga de bhlianta. Is cuid de straitéis na grúpaí staidéir agus na grúpaí gníomhaíochta buail-isteach seo daoine óga áitiúil a mhealladh chucu agus oiliúint a thabhairt dóibh mar Cheannairí Óige Sóisearacha a thabharfaidh taca do Chlubanna Iarscoile.
5. Ritear Cláir Thuistithe agus Litearthachta do Dhaoine Fásta ar bhonn seachtainiúil chun cabhair a thabhairt do dhaoine fásta go háirithe do thuismitheoirí le páistí in aois scoile a mbíonn deacrachtaí acu i dtaobh tuistithe, litearthachta agus fostaíochta.
6. Oibríonn siad Ionad Ilmheán den chéad scoth atá maoinithe ag FÁS. Tá tarraingt ar an ionad ag rannpháirtigh ó thaobh amuigh den eastát féin agus tá ardú próifíle tugtha don eastát dá bharr; chuidigh sé freisin chun íomhá dhearfach den cheantar a chur chun cinn i gcodanna eile de Chill Chainnigh. Go dáta chríochnaigh níos mó ná 1,500 duine cúrsaí éagsúla ríomhaire ag an ionad.
7. Cuireann siad ar fáil freisin seirbhís eolais don phobal maidir le Leas Sóisialta agus le rudaí eile.